Is é Naomh Pádraig patrún na hÉireann. Bíonn Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta agus is féile náisiúnta í. Céiliúrtar é ní amháin in Éireann ach ag daoine de shíolra Éireannach ar fud an domhain. Bíonn an paráid is mó i mBaile Átha Cliath ach bíonn paráid ina lán bailte eile, Tamhlacht san áireamh. Tagann a lán bannaí ó na Stáit Aontaithe, Sasana, an Fhrainc agus tíortha eile na hEorpa chun páirt a ghlacadh san fhéile. Ceanglaímid an tseamróg le Naomh Pádraig. Deirtear gur úsáid sé an tseamróg le taispeáint do dhaoine go bhfuil trí dhuine in aon Dia amháin faoi mar atá trí dhuilleog ar aon ghas amháin.
March 17th, 2010